Buachaill Ón Éirne

2002

Composición de: Pamela Copus/Randy Copus/Sarah Copus
Buachaill ón Éirne mé
‘S bhréagfainn féin cailín deas óg
Ní iarrfainn bó spré léithe
Tá mé féin saibhir go leor
‘S liom Corcaigh ‘a mhéid é
Dhá thaobh a’ ghleanna ‘s Tír Eoghain
‘S mura n-athraí mé béasaí
‘S mé n’ t-oidhr’ ar Chontae Mhaigh Eo

Rachaidh mé ‘márach
A dhéanamh leanna fán choill
Gan choite, gan bád
Gan gráinnín brach’ ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh
Mar éideadh leapa os mo chionn
‘S óró sheacht mh’anam déag thú
‘S tú ‘féachaint orm anall

Buachailleacht bó, mo lao
Nár chleacht mise ariamh
Ach ag imirt ‘s ag ‘ol
‘S le hógmhná deasa fá shliabh
Má chaill mé mo stór
Ní dóigh* gur chaill mé mo chiall
A’s ní mó liom do phóg
Ná’n bhróg atá’r caitheamh le bliain
    Página 1 / 1

    Letras y título
    Acordes y artista

    restablecer los ajustes
    OK