Don oíche úd i mBeithil Beidh tagairt faoi ghrian go brach Don oíche úd i mBeithil Go dtáinig an Briathar slán Tá gríosghrua ar spéartha ‘S an talamh na chlúdach bán Féach Íosagán sa chléibhín ‘S an Mhaighdean á dhiúl le grá Ar leacain lom an tsléibhe Go nglacann na haoiri scáth Nuair in oscailt gheal na spéire Tá teachtaire Dé ar fáil Céad glóir anois don Athair I bhFlaitheasa thuas go hard! Is feasta fós ar talamh D’fheara, dea-mhéin, síocháin