Mo ghuth
Mo ghuí 
Mo shruth 
Mo shlí  
  
Mo ghealach 
Mo ghrian  
Mo bhealach 
Mo bhliain 
  
Mo ghruaim  
Mo ghreim 
Mo fhuaim 
Mo fheidhm 
  
Mo chuisle
Mo chroí
Mo thuiscint    
Im shíol   
  
Duitse tugaim gach rud  
Tonn, ar thonn gach rud  
Taom ar thaom gach aon rud 
Braon ar bhraon gach rud
  
Mo rith
Mo rún 
Mo chrith 
Id chuan  
  
Mo eanga  
Mo ádh  
Mo theanga  
Ad thrá  
  
Mo shonas
Mo shaíocht 
Mo dhonas 
' S mo dhraíocht  
  
' S duitse   
Mo bhláth  
Mo ghean 
' S mo ghrá  
  
Duitse tugaim gach rud  
Tonn, ar thonn gach rud 
Taom ar thaom gach aon rud 
Braon ar bhraon gach rud     
  
Béilín meala  
Mánla mín   
Blas na beatha óm' mhuirnín  
  
Béilín meala  
Cneasta caoin  
Tuar beatha  óm' mhuirnín  
  
Duitse tugaim gach rud  
Tonn, ar thonn gach rud 
Taom ar thaom gach aon rud 
Braon ar bhraon gach rud
    Página 1 / 1

    Letras y título
    Acordes y artista

    restablecer los ajustes
    OK