Ní minic a chuimhním anois ort
Ach inniú lá do bhreithe
Braithim uaim ceirnín do ghutha
Gona h-aorian clamhsáin
Is do chroí athláimhe
Gona chlúdach stróicthe
Dialaim dúnta do mhothúchán

D'fhanas deich neomat ar shráid an chloig
Ag comhaireamh neomat ar neomat
Go doicheallach stuacach a máirseáil tharam
Ar shála árda ar shráid an chloig

Ceolann an bháisteach fonn deor
A éilíonn focail
Is mo scórnach slóchta ag slaghdán
Níl nóta im' cheann
Is a chroí aonphoirt
Gona mhéara aclaí
Chughainn arís séasur foghlama
    Página 1 / 1

    Letras y título
    Acordes y artista

    restablecer los ajustes
    OK