Is a Bhríd Óg Ní Mháille 
'S tú d'fhág mo chroí cráite 
'S chuir tú arraingeacha 
An bháis fríd cheartlár mo chroí 
Tá na céadta fear i ngrá 
Le d'éadan ciúin náireach 
Is go dtug tú barr breáchtacht' 
Ar Thír Oirghiall más fíor 

Níl ní ar bith is áille 
Ná'n ghealach os cionn a' tsáile r 
Ná bláth bán na n-airne 
Bíos ag fás ar an draighean 
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa 
Níos trilsí le breáchtacht 
Béilín meala na háilleacht' 
Nach ndearna riamh claon 

Is buachaill deas óg mé 
'Tá triall chun mo phósta 
'S ní buan i bhfad beo mé 
Mura bhfaighidh mé mo mhian 
A chuisle is a stóirín 
Déan réidh agus bí romhamsa 
Cionn deireanach den Domhnach 
Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh 

Is tuirseach 's brónach 
A chaithimse an Domhnach 
Mo hata 'mo dhorn liom 
'S mé ag osnaíl go trom 
'S mé ag amharc ar na bóithre 
'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann 
'S í ag fear eile pósta 
Is gan í bheith liom
    Página 1 / 1

    Letras y título
    Acordes y artista

    restablecer los ajustes
    OK