Bánchnoic Éireann Ó

2002

    Continues after the ad

    Beir beannacht ó m’chroí go tír na hÉireann
    Bánchnoic Éireann Ó
    Chun a maireann de shíolra Ír agus Éibhir
    Ar bhánchnoic Éireann Ó
    An áit úd ‘narb’ aoibhinn binn-ghuth éan
    Mar shámh-chruit chaoin ag caoineadh Gael
    ‘Sé mo chás a bheith míle, míle i gcéin
    Ó bhánchnoic Éireann Ó

    Ní fheicim a gcóraid ag gabháil sa taobh seo
    Ar bhánchnoic Éireann Ó
    Is ní fheicim a mbólacht á dtreorú chun féir ann
    Ar bhánchnoic Éireann Ó
    Ach bárca dá seoladh le forneart gaoth
    Agus farraigí móra go deo lena dtaobh
    Go bhfágathar fós mé i m’chóige féin
    Ar bhánchnoic Éireann Ó

    Continues after the ad

    Scaipeann an drúcht ar gheamhar agus féar ann
    Ar bhánchnoic Éireann Ó
    Is tágaid ann úlla cúmhra ar ghéagaibh
    Ar bhánchnoic Éireann Ó
    Biolar agus samhadh i ngleanntaibh ceoigh
    Is na srutha sa tSamhradh ag labhairt ar nóin
    Agus uisce na Siúire ag brúcht ina shóghaidh
    Ar bhánchnoic Éireann Ó

    Song details

    Composition: Pamela Copus, Randy Copus, and Sarah Copus

    Did you see an error?

    Enviar revisão