Susy MacGuire

Alan Stivell

    Continúa después del anuncio

    Siobhán Ní Dhuibhir
    D'éirigh mé ar maidin a tharraint chun aonaigh mhóir
    A dhíol is a cheannacht mar a dhéanadh mo dhaoine romham
    Bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise síos a dh'ól
    Is le Siobhán Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg

    A Siobhán Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
    Mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú bheith i gcill
    Bróinte 's muilte bheith 'scileadh ar chúl do chinn
    Ach cead a bheith in Ioras go dtara síol Éacha chun cinn

    Continúa después del anuncio

    A Siobhán Ní Dhuibhir is tú bun agus barr mo scéil
    Ar mhná na cruinne go dtug sise an báire léi
    Le gile le finne le maise is le dhá dtrian scéimh
    Is nach mise an trua Mhuire bheith ag scaradh amárach léi

    Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh
    Planta an leinbh a d'eitigh mo phósadh inné
    Beir scéala uaim chuici má thus mise póg dá béal
    Go dtabharfainn dí tuille dá gcuirfeadh sí bólacht léi

    Beir scéala uaim chuige go dearfá nach bpósaim é
    Ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé
    Nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré
    Bíodh a rogha bean aige is beidh mise ar mo chomhairle féin

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión

    Canciones relacionadas