Buachaill Ón Éirne

Anúna

    Continúa después del anuncio

    Buachaill ón éirne mé
    'S bhréagfainn féin cailín deas óg
    Ní iarrfainn bó spré léithe
    Tá mé féin saibhir go leor
    'S liom corcaigh 'a mhéid é
    Dhá thaobh a' ghleanna 's tír eoghain
    'S mura n-athraí mé béasaí
    'S mé n' t-oidhr' ar chontae mhaigh eo

    Rachaidh mé 'márach
    A dhéanamh leanna fán choill
    Gan choite gan bád
    Gan gráinnín brach' ar bith liom
    Ach duilliúr na gcraobh
    Mar éideadh leapa os mo chionn
    'S óró sheacht mh'anam déag thú
    'S tú 'féachaint orm anall

    Continúa después del anuncio

    Buachailleacht bó, mo leo
    Nár chleacht mise ariamh
    Ach ag imirt 's ag 'ol
    'S le hógmhná deasa fá shliabh
    Má chaill mé mo stór ní móide
    Gur chaill mé mo chiall
    A's ní mó liom do phóg ná'n bhróg
    Atá'r caitheamh le bliain

    A chuisle 's a stór
    Ná pós an seanduine liath
    Ach pós a' fear óg, mo leo
    Mur' maire sé ach bliain
    Nó beidh tú go fóill
    Gan ó nó mac os do chionn
    A shilfeadh a'n deor
    Tráthnóna nó'r maidin go trom

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión

    Canciones relacionadas