Buachaill Ón Éirne

Celtic Thunder

    Continues after the ad

    Buachaill ón éirne mé is bhréagfainn féin cailín deas óg.
    Ní iarrfainn bó spré léi, tá mé féin saibhir go leor
    Is liom corcaigh dá mhéid é, dhá thaobh an ghleanna, is tír eoghain,
    Is mura n-athra' mé béasaí, is mé an t-oidhre ar chontae mhuigheo.

    Rachaidh mé amárach a dhéanamh leanna fán choill,
    Gan coite gan bád gan gráinín brach' ar bith liom,
    Ach duilliúir na gcraobh mar éide leaba os mo cheann
    Is óró, a sheacht m'anam déag thú, is tú ag féachaint orm anall.

    Continues after the ad

    Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise riamh
    Ach ag imirt is ag ól le hógmhná deasa fá shliabh.
    Má chaill mé mo stór ní móide gur chaill mé mo chiall
    Is ní mó liom do phóg ná an bhróg atá ar caitheamh le bliain.

    Song details

    Composition:

    Did you see an error?

    Enviar revisão