Thios Chois Na Tra Domh

Clannad

    Continúa después del anuncio

    Thíos cois na trá domh, in ndoimhneacht na h-oíche
    An saol mhor ina gcodhladh, 's mise liom féin
    Na h-éanacha mara ag scairtigh go léanmhar
    Cosúil le h-anamnacha bochta i bpéin.

    Iomlán gealaí 's iomlán rabharta
    Aoibhneas 's ciúineas, 's áilleacht sa domhain
    Crónán na fairrige ag dul siar ar mo chluasa
    Bog-cheol an uisce ag sileadh san abhainn.

    Continúa después del anuncio

    Istigh ar na h-inseáin tá sean-reilig bheannaithe
    An áit inar mhaireadh naoimh san aimsir fadó
    Tá daoine istigh ann ag chaith seal go h-aerach
    Ní shiúlfaidh siad thar fán chladaigh níos mó.

    Bhuail uaigneas m'intínn 's mé ag amharc ar an reilig
    'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí
    Fir a's mná óga, seandaoine 's páistí
    Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí.

    Tá na coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú
    Tá an ghealach ina luí 's ní fada go lá
    Slán agat anois a shean-reilig bheannaithe
    'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na trá.

    Información de la canción

    Composición: Jörgen Elofsson

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión

    Canciones relacionadas