An tOilean Ur

Clannad

    Continúa después del anuncio

    Rinne mé smaointeamh in m'intinn is lean mé dó go cinnte
    Go rachainn ó mo mhuintir anonn 'un Oileáin Úir
    Tá mé 'g iarraidh impí ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa
    Mo shábháil ar gach dáinséar go gcríochnaí mé mo shiúl

    Shiúl mé fiche míle 's níor casadh orm Críostaí
    Capall, bó, ná caora dheánfadh inghilt ar an fhéar
    Ach coillte dlúth' is gleanntáin agus búirtheach beithidhigh allta
    Fir is mná gan toint' orthu a chasfainn fá mo mhéar

    Continúa después del anuncio

    Tharlaigh 'steach i dtoigh mé is casadh orm daoiní
    D'fhiafraigh siad cárbh as mé nó'n tír 'nár tógadh mé
    Labhair mé leof' i mBéarla gur tógadh mé in Éirinn
    Láimh le Loch Eirne i gCoillidh Lios na bhFraoch
    Bhí cailleach insa chlúdaigh is í ina suí go súgach
    D'éirigh sí go lúfar agus chraith sí liom lámh
    Sé d'bheatha fear do thíre ar' bhfaca mé de dhaoiní
    Nár tógadh mis' in Éirinn i mBaile Lios Béal Atha

    Nuair a chonnaic mé na daoiní is ansin a rinne mé smaointe
    Gur méanar dá mbeinn in Éirinn 's mé sínte faoi chlár
    Nó sin an áit a bhfuighfinn a' t-aos óg bheadh laghach aoibhinn
    A chaithfeadh liom an oíche 'gus páirt mhór den lá

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión

    Canciones relacionadas