An Bealach Seo 'ta Romham

Clannad

    Continúa después del anuncio

    Is minic mé ag smaoitiú
    Is mé ag féachaint ar gach taobh dom
    Is feicim sluaite daoiní
    Eadar aosta agus óg
    'S iad fá dheifre shíoraí
    Ag siúl a' bealach céanna
    Ina bhfuil mé féin go cloíte
    Ag taisteal leo sa ród

    Is leanfaidh siad a choíche
    Is saint ina gcroíthe
    Ag bailiú leo maoin shaolta
    Ó mhaidin go neoin
    Tá mise ag leanstan daofa
    Ní bhfaighidh mé sos ná scríste
    Go sroichí mé ceann scríbeadh
    Sa bhealach seo 'tá romham

    Continúa después del anuncio

    Is iomaí cor is lúbadh
    Sa turas chun na huaighe
    Is iomaí ábhar buartha
    'Casfar ort sa tslí
    Ach 's fusa iad a shárú
    Le greann agus le gáire
    'S a bheith I gcónaí sásta
    Nó a theacht le toil an rí

    Is cuma cad é atá I ndán domh
    Ag dia amháin atá a fhios ag sin
    Ní bheidh mé choíche cráite
    Le buaireamh ná brón
    Ach cuirfidh mé mo dhóchas
    I ndia mhór na glóire
    Is dhéanfaidh sé mo threorú
    Sa bhealach seo 'tá romhainn

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión