Ráitachas Na Tairngreacht

Danu

    Continúa después del anuncio

    Aréir is mé go tláth lag, go tabhartha tnáite in easpa chirt
    Sea dhearcas ag teacht i mo láthair an bhean dob áilne fionnachruth
    Bhí gruaig a cinn go búclach buí ina slaoda síos go talamh léi
    Is le glór a béil gur bhuail sí an draíocht ar cheolta sí na Banban
    Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht

    Tiocfaidh aon-mhac phrionsa an chomhraic gurb ainm dó siúd Bonaparte
    An tImpire is an Spáinneach ag cur gárda leis go hAlbain
    Ní bheidh siúd choíche sásta le háitreabh Rí na Sacsan a fháil
    Gan buachan cruinn le faobhar a gclaíomh go mbainfidh díol a n-athar dóibh
    Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht

    Continúa después del anuncio

    Tiocfaidh cabhair agus fuaim orainn, is béim go léir haiteasach
    Agus glaofaim' ar ár gcúnamh chun dúbailt' ins na rainceanaibh
    Agus séidfim 'adharc is biúgal, galltrump' ar dtús an chatha amuigh
    Beidh smáil is bleást an phúdair ag baint smúit as croíthe na Sasanach
    Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht

    Le linn dul as an bpáirc daoibh, bainí go leir bhur hataí dhaoibh
    Is guí chun Muire Máthair an lá do dhul ar Ghall-phoic
    Beidh sagairt, easpaig, bráithe is an Pápa ceann na heaglaise
    Ag guí chun Dé gach lá le fonn an fán do chur ar Shasanaigh
    Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht
    1

    Información de la canción

    Composición: Jörgen Elofsson

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión