Beannacht Ó Rí Na hAoine

Danu

    Continúa después del anuncio

    Beir bheannacht ó Rí na hAoine ar an oileáinín ina bhfuilim ann
    Mar go bh'fhearr liom lá is oíche ann ná bliain ar an mbaile úd thall
    Is ann do bhíodh an ríl againn, ceol píob is leann ar chlár
    Is slán ag an gcorn bhuí úd, a bhíodh á lionadh de'n mbranda ab fhearr

    Éiróidh mise amárach gan spleachas le cúnamh Dé
    Ní fhanfaidh mé san áit seo go brách, brách ar feadh mo shaol
    Mar is é do chómhrá tláth lag, do chráig is do mharaibh mé
    Is, a Dhia, nach olc an bháis é atá in ann dom má scarfaim léi

    Continúa después del anuncio

    Is ar choinnleach glas an fhómhair bhuí, a stóirín, 'sea do dhearcas tú
    Ba dheas do chois i mbróigín, is ba ró-dheas do leagan siúil
    Do ghruaig ar dhath an óir-bhuí, na córdaí go fite id' lúb
    Is nach trua nach lándúin phósta sinn, ar bhord loinge ag dull anonn

    Is thíos ar ché Phort Láirge, tá an t-árthach um bhrath le comhair
    Chun mé do bhreith thar sáile, is go brách, brách ní chasfaidh mé
    Beidh mo mhuintir is mo chairde, go cásfar ag gol im' dhiadh
    Is anois ó raghainn thar sáile, céad slán leis an Bhlascaoid Mór
    1

    Información de la canción

    Composición: Jörgen Elofsson

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión