Idir Áird Mhór Is Eochaill

Danu

    Continúa después del anuncio

    Idir aird mhór is eochaill sa ród seal do bhíos
    Ar chóngar na taoide is í ag tráchaint
    Sea do dhearcas an ógbhean go mómharach binn
    'S a cuacha léI cíortha go básta
    Is cailín ó eochaill í, is eolach dom í
    Is tá sí gan pósadh go dpósfadsa í
    Tá coróin geal I'm phóca 'gus ólfaimíd í
    Agus fágfaimíd siúd mar atá mé

    Do thugas grá chléibh' duit, a spéirbhean, ar dtúis
    Nuair a leagas mo shúil ar do bhánchnis
    Is go mbfhearr liom ná mórchuid den ór atá agat
    Go mbeifeá sa chúinne ag mo mháithrín
    Bheadh do bhabaí breá bó agat tráthnóna le crú
    Is do leaba breá cóirithe go ló duit sa rúm
    Chuirfinn búclaí I'd bhróga luach coróineach is púnt
    Is, a stóirín, ná tabharfá do lámh dom?

    Continúa después del anuncio

    Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn
    Go gcuirfead scéala ar dtúis chun mo mháithrín
    Mar fuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
    Gur minic do chúrsa go dtí an tábhairne
    Nárbh aon ní leat ól ó'n choróin go dtí'n punt
    Ag caitheamh do stóir ar mhná óga is ar lionn
    Tar éis díol as fear cheoil ní bheidh feoirling I'd phúitse
    Is a stróille, cé thabharfadh bean bhreá dhuit?

    Ná creidse na scéalta, na bréaga atá ar siúl
    Is annamh mo thuras go tigh tábhairne
    Tá airgead I'm phóca is mórchuid I'm thrúnc
    Níor ólas riamh punt ar aon láthair
    Bheadh a mhalairt de ghnó againn sa bhfómhar atá chughainn
    'Baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn
    Is mo mhacha bheith lán de bha bána is dubha
    Gan aoinne chun iad a chrú ach mo mháithrín

    Información de la canción

    Composición: Traditional, Danú y Arranged

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión