An T-Úll

Dervish

    Continúa después del anuncio

    Tá scéilín nua 'gam le h-insint dóibhse
    Cúrsaí spóirt agus comhrá dí
    Úll breá gleoite do chuireas i mo phóca
    'S ni bhfuaras romham ach prátín síl

    Curfá:
    Ó mo thuírse mar shileann mo shúile
    Indiaidh an úll ud a bhí breá buí
    An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh
    'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís

    Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair
    Cuanta Béara bhí romham sa tslí
    Puinte na nGréige 'gus na nDorsaí Maola
    An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi

    Continúa después del anuncio

    Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha
    An pharoiste Thuaidh a 's na hAdhraí
    San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill
    Nach bhfáilghinn a tuairise go dtéinn thar snaidhm

    (Curfá)

    Do shíulíos Coíbh agus Baíle na Móna
    Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín
    Síor ar a chósta sea d'inis dhom stróinse
    Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidín

    (Curfá 4x)

    Información de la canción

    Composición: Jörgen Elofsson

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión