Don Oíche Úd i mBeithil

Éabha McMahon

Continúa después del anuncio

Don oíche úd i mBeithil
Beidh tagairt faoi ghrian go brach
Don oíche úd i mBeithil
Go dtáinig an Briathar slán
Tá gríosghrua ar spéartha
‘S an talamh na chlúdach bán
Féach Íosagán sa chléibhín
‘S an Mhaighdean á dhiúl le grá

Continúa después del anuncio

Ar leacain lom an tsléibhe
Go nglacann na haoiri scáth
Nuair in oscailt gheal na spéire
Tá teachtaire Dé ar fáil
Céad glóir anois don Athair
I bhFlaitheasa thuas go hard!
Is feasta fós ar talamh
D’fheara, dea-mhéin, síocháin

Información de la canción

Composición:

¿Los datos están equivocados?

Enviar revisión