Hino da Irlanda (Amhrán na bhFiann)

Hinos de Países

    Continúa después del anuncio

    Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh
    Caithréimeach bríomhar ceolmhar
    Ár dtinte cnámh go buacach táid
    'S an spéir go mín réaltógach
    Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
    'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló
    Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol
    Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann!

    Sinne Fianna Fáil
    atá faoi gheall ag Éirinn
    Buíon dár slua
    thar toinn do ráinig chugainn
    Faoi mhóid bheith saor
    Seantír ár sinsear feasta
    Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill
    Anocht a théam sa bhearna baoil
    Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil
    Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar
    Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann!

    Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe
    Ba bhuadhach ár sinsir romhainn
    Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin
    'Tá thuas sa ghaoth go seolta
    Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh
    Gan iompáil siar ó imirt áir
    'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad
    Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann!

    Continúa después del anuncio

    Sinne Fianna Fáil
    atá faoi gheall ag Éirinn
    Buíon dár slua
    thar toinn do ráinig chugainn
    Faoi mhóid bheith saor
    Seantír ár sinsear feasta
    Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill
    Anocht a théam sa bhearna baoil
    Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil
    Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar
    Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann!

    A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall
    Sin breacadh lae na saoirse
    Tá sceimhle 's scanradh i gcroíthe námhad
    Roimh ranna laochra ár dtíre
    Ár dtinte is tréith gan spréach anois
    Sin luisne ghlé sa spéir anoir
    'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh
    Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann!

    Sinne Fianna Fáil
    atá faoi gheall ag Éirinn
    Buíon dár slua
    thar toinn do ráinig chugainn
    Faoi mhóid bheith saor
    Seantír ár sinsear feasta
    Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill
    Anocht a théam sa bhearna baoil
    Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil
    Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar
    Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann!

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión