Féach / As Gaeilge

Kila

    Continúa después del anuncio

    Féach

    Ná bíodh imní ort
    Ná bíodh faitíos ort roimh réimh
    Bí cinnte pé rud é atá le déanamh anois agat
    Go ndéanfaidh tú díreach i gceart é má chreideann
    tú é

    Ná bíodh aon eagla ort
    Déan ar fad é mar a dhéanfadh tú é tú féin
    Bí cinnte treor a lorg ó dhuine éigin a thuigeann treor
    Ach muna bhfuil éinne ann, is cuma, lorg é uait féin
    Ná bí ró-mhí-fhoighneach
    Tá chuile rud ag gluaiseacht ar a luas féin
    Is cinnte go dtiocfaidh aighneas chugat má bhíonn tú ró-mhí-fhoighneach
    Díreach bí cinnte gan do chos a chur faoi do choiscéim féin

    Seachain an dallamullóg
    Seachain an dallamullóg
    Seachain an dallamullóg
    'S ná, ná creid é má thuigeann tú é

    Continúa después del anuncio

    Féach cé chomh mór is atá na sléibhte
    Féach cé chomh mór is atá an fharraige
    Féach cé chomh mór is atá an domhan
    i gcomparáid leis na daoine beaga atá ina gcónaí ann

    Ná bíodh aon amhras ort
    Má tá ceist agat freagrófar é
    Fiú má thagann freagra chugat eolas ná fios feasa
    Caithfidh tú éirí arís san maidin leanacht ar aghaidh le do shaol

    Seachain srl.

    Ná bí ró-chuthaileach
    Mar nach bhfuil aon fáth go mbeadh náire ort fút féin
    Tógadh tú mar a tógadh tú, is rugadh tú cár rugadh tú
    Má bhraitheann tú rud in easnamh beidh an leigheas ionat féin

    Seachain srl.

    Mar má bhreathnaíonn tú air go géar b'fhéidir go bhfeicfidh tú é
    Má fheiceann tú go soiléar é b'fhéidir go dtuigfidh tú é
    Má thuigeann tú go léir é b'fhéidir go luascfaidh sé tú
    Nó go leigheasfaidh sé tú nó go luascfaidh sé tú
    Má thuigeann tú go dtuigeann tú, go dtuigeann tú
    Má thuigeann tú leat mé

    Féach cé chomh mór is atá na sléibhte
    Féach cé chomh mór is atá an fharraige
    Féach cé chomh mór is atá an domhan
    i gcomparáid leis na daoine beaga atá ina gcónaí ann

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión