C.E.A.R.T.A

KNEECAP

    Continúa después del anuncio

    Foc mí, ní fhaca mé na bastairdí
    Carr dubh ina bhfolach ar ár mullach is iad taobh istigh
    Seans ar bith, go bhfaighidh siad mo mhála MD
    Mar tá cóisir ann anocht 's níl fáilte roimh an RUC

    Is gan dabht, tá mise ar bís
    Le dul síos ar an snaois arís 's arís
    Is ní stopfaidh mé go maidin mar ní socraím síos
    Agus fuair mé mála mór ket in ionad mo chíos

    Níl tú ag focan éisteacht liom níl seo ina focan jóc
    Tá mé ag iarraidh a bheidh ag an chóisir leat ag ithe cúpla yokes
    Ag déanamh cúpla líne bhán don phúdar mín cóc
    Is tiocfaidh deireadh na hoíche 's béimid ar fad ag gol den smoke

    Ach má rugtar orainn inniú
    Is muidinne a bheas thíos leis I bhfaiteadh na súl
    Mar tá na muca móra mire sa tóir ar ár meon
    Is beidh lucht Maghaberry sa tóir ar mo thóin

    C-E-A-R-T-A
    Is cuma liom sa foc faoi aon gharda
    Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta
    Ní fheicfidh tú mise I mo sheasamh ró-fhada

    Dúirt mé leat cheana, seo an chúis le Balaclava
    Is féidir siúil ar shiúil, 's ní aithneoidh siad tada
    Tá 'gear' is fearr in iarthar Bhéal Feirste againn le fada
    Cóc, speed, E's agus moll marijuana
    Ag teacht isteach go ciúin fríd shléibhte Chonamara

    Continúa después del anuncio

    Ag cóisireacht le Tinky Winky agus Seamus Barra
    Ní stopaim ón gheimhreadh fríd go dtí an earrach
    Díolaim snaois le do Mhamó, do mhac 'is do chara
    A n-íocann as má laethanta saoire ar an bhFál Carrach

    Níl aon chathair nach bhfuil muid ann faoi lathair
    Doire, Corcaigh agus fiú amháin D4
    Ag scriosadh na háite ar mhaithe le bheith saibhir
    Ansin ag déanamh snaois bhán le réaltaí TG4

    So goitse anois, agus déanfaimid deifir
    Mar tá mise ró-stuama anois faoi láthair
    Agus beidh muid ag dul go maidin le Rónán Mac An Rí
    'Cause foc na riallacha atá ag RTÉ

    C-E-A-R-T-A
    Is cuma liom sa foc faoi aon gharda
    Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta
    Ní fheicfidh tú mise I mo sheasamh ró-fhada

    Tógadh Mo Chara agus muid ar an bhealach
    Cé gur thug mé smack ceart don gharda salach
    Bhí orm rith na bhaile agus dul ina bhfolach
    Mar bhí 10 kilo cóc taped ar mo bhrollach

    Anois ní sin le rá go raibh mé scanraithe
    Sure ní íocaim as an toll ar an M50
    Agus rachaidh muid ar aghaidh go dtí go bhfuil gach deor críochnaithe
    Raithneach dleathach in focan Éire aontaithe

    Young man we caught you damaging public property
    And you are coming to the station so we can talk properly

    Tá tú ag labhairt le Kneecap is cuma linn sa tsioc
    Bím ar Facebook do mháthair ag wankáil like foc
    Ag streachailt do m'anáil mar tá do dheirfiúr fliuch
    Ag tabhairt greadadh do d'athair agus mé lom nocht

    Mar le tamall anois tá mé as mo mheabhair
    Déanfaidh mise a bheag duit agus tú os comhair
    Cébí, duine a bhí, mar chuid de do shaol
    Brisim achan riail, seachas focan caol le caol

    C-E-A-R-T-A
    Is cuma liom sa foc faoi aon gharda
    Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta
    Ní fheicfidh tú mise I mo sheasamh ró-fhada

    Información de la canción

    Composición: James O Dochartaigh, Liam O Hannaidh y Naoise O Caireallain

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión