Ardí Cuain

M'ANAM

    Continues after the ad

    Dá mbeinn féin in ardí cuain
    In aice an tsléibhe atá i bhfad uaim
    B’annamh liom gan dul ar cuairt
    Go gleann na gcuach dé domhnaigh
    Agus och och éireann ‘lig is ó
    Éireann lionn dubh agus ó
    ‘Sé mó chroí ‘tá trom ‘s bronach

    Is iomaí nollaig a bhí mé féin
    I mbun abhann doinne is mé gan chéill
    Ag iomáin ar an trá bháin
    ‘Is mó chamán bán ins mó dhorn liom
    Agus och och éireann ‘lig is ó
    Éireann lionn dubh agus ó
    ‘Sé mó chroí ‘tá trom ‘s bronach

    Continues after the ad

    Nach tuirseach mise anseo liom féin
    Nach n áirim guth coiligh lonndubh nó traon
    Gealbhán smaolach naoscach féin
    Is chan aithním féin an domhnach
    Agus och och éireann ‘lig is ó
    Éireann lionn dubh agus ó
    ‘Sé mó chroí ‘tá trom ‘s bronach

    Dá mbeadh agam coite ‘s rámh
    D’iomairfinn liom ar dhroim a’ tsnáimh
    ‘Dúil as dia go sroichfinn slán
    Is chan aithním féin an domhnach
    Agus och och éireann ‘lig is ó
    Éireann lionn dubh agus ó
    ‘Sé mó chroí ‘tá trom ‘s bronach

    Dá mbeadh agam coite ‘s rámh
    D’iomairfinn liom ar dhroim a’ tsnáimh
    ‘Dúil as dia go sroichfinn slán
    Is ‘s go bhfaighinn bás in éireann
    Agus och och éireann ‘lig is ó
    Éireann lionn dubh agus ó
    ‘Sé mó chroí ‘tá trom ‘s bronach

    Song details

    Composition:

    Did you see an error?

    Enviar revisão