Cill Chais

The Cassidys

    Continúa después del anuncio

    Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
    Tá deireadh na gcoillte ar lár
    Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach
    'S ní chluinfear a cling go brách
    An áit úd 'na gcónaíodh an dei-bhean
    Fuair gradam is meidhir thar mnáibh
    Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann
    'S an t-Aifreann binn dá rá

    Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann
    Ná iolar ag éamh cois cuain
    Ná fiú na mbeacha chun saothair
    Thabharfadh mil agus céir don tslua
    Níl ceol binn milis na n-éan ann
    Le hamharc an lae dul uainn
    Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann
    Ó's í chuirfeadh an saol chun suain

    Continúa después del anuncio

    Tá ceo ag titim ar chraobh ann
    Ná glanann le greín ná lá
    Tá smúit ag titim ón spéir ann
    'S a cuid uisce go léir ag trá
    Níl coll, níl cuileann, níl caor ann
    Ach clocha 'gus maolchlochán
    Páirc na foraoise gan chraobh ann
    Is d'imigh an géim chun fáin

    Anois mar bharr ar gach míghreann
    Chuaigh prionsa na nGael thar sáil
    Anonn le hainnir na míne
    'Fuair gradam sa Fhrainc 's sa Spáinn
    Anois tá a chuallacht dá caoineadh
    D'fhaigheadh airgead buí agus bán
    'S í nach dtógfadh seilbh na ndaoine
    'S í cara na bhfíorbhochtán

    Aicim ar Mhuire 's ar Íosa
    Go dtaga sí arís chughainn slán
    Go mbeidh rincí fada 'gabháil timpeall
    Ceol fidil 's tinte cnámh
    Go dtógfar an baile seo ár sinsear
    Cill Chais bhreá, arís go hard
    Is go brách nó go dtiocfaidh and díle
    Ná feicfear é arís ar lár

    Información de la canción

    Composición:

    ¿Los datos están equivocados?

    Enviar revisión